Is é CRNI an comhlacht ionadaíochta d’eagraíochtaí athúsáide, deisiúcháin agus athchúrsála pobail in Éirinn.
Is í an fhís atá againn ná Éire nach bhfuil an focal ‘Dramhaíl’ ann inti, agus ina mbaineann ár bpobal ar fad tairbhe as luach sóisialta, comhshaoil agus eacnamaíoch na n-acmhainní in-athúsáidte go léir.
Is é an aidhm atá againn ná raon tacaíochtaí praiticiúla a chur ar fáil dár mbaill, agus bainistíocht dramhaíola inbhuanaithe phobail a chur chun cinn mar bhealach praiticiúil agus éifeachtach chun dul i ngleic le fadhb mhéadaitheach na dramhaíola in Éirinn.